Tá aithne ar Alex Hijmans go príomhá mar iriseoir, ach tá gort na litríochta á threabhadh aige, leis. Foilsíodh Aiséirí, a chéad úrscéal, in earrach 2011, ag teacht sna sála ar a leabhar neamhfhicsin Favela, a foilsíodh i 2009. Foilseofar cnuasach úrnua gearrscéalta leis i bhfómhar 2012.


Ar ndóigh, tá difear ollmhór idir iriseoireacht agus ficsean. Sa tuairisc nuachta, ní féidir dul ar strae ó na fíricí. San fhicsean, is féidir leat na fíricí a chumadh tú féin!


Is aistí fírinne ná ficsean, a deirtear, ach is iomaí uair go dtagann an scéal cumtha níos gaire don fhírinne ná an tuairisc nuachta - go háirithe toisc gur féidir leis an scríbhneoir cruthaitheach féachaint timpeall in aigní na ndaoine ina scéal, cleas nach mbeidh ag an iriseoir riamh.


Ní haon iontas mar sin gur thosaigh go leor scríbhneoirí ficsin amach mar iriseoirí. Níos fearr, b’fhéidir: go n-iompaíonn go leor iriseoirí ar an bhficsean. I gcás Alex, a shaothnraíonn a chuid mar chomhfreagraí idirnáisiúnta agus mar scríbhneoir cruthaitheach, téann an dá réimse lámh i lámh le chéile.


Seo an nuacht is déanaí uaidh.




 
NuachtbLAG
Ord agus eagar (II)

leabhair


Aiséirí 
(Úrscéal, Cois Life, 2009)



Favela 
(Neamhfhicsean, Cois Life, 2009)

gearrscéalta
Foilsíodh gearrscéalta le Alex Hijmans sna hirisí liteartha Comhar, Dúillí Éireann agus Crannóg. Tá rogha dá ghearrscéalta ar fáil ar an suíomh seo. Léigh leat!Nuacht/Nuacht.htmlNuacht/Nuacht.htmlAis%C3%A9ir%C3%AD.htmlFavela.htmlGearrsc%C3%A9alta/Gearrsc%C3%A9alta.htmlGearrsc%C3%A9alta/Gearrsc%C3%A9alta.htmlAis%C3%A9ir%C3%AD.htmlFavela.htmlshapeimage_6_link_0shapeimage_6_link_1shapeimage_6_link_2shapeimage_6_link_3shapeimage_6_link_4shapeimage_6_link_5